×
Corrigir

Peigín's Peadar

Téada

A Pheigín na gcarad 's a Pheigín mo chroí
Cé hé an fear fada údan sínte leat síos?

Ó a hó, ó a hó
Ó a hó, a stóirín mo chroí

A Pheadair na gcarad 's a Pheadair mo chroí
Sin é do leanbh nach bhfaca tú riamh

Ó shiúil mise thoir agus shiúil mise thiar
Ach féasóg ar leanbh ní fhaca mé riamh

A Pheigín na gcarad 's a Pheigín mo chroí
Éirigh i do sheasamh 'gus réitigh greim bídh

A Pheadair na gcarad 's a Pheadair mo chroí
Níl ins an teach agam greim mine buí

A Pheigín na gcarad 's a Pheigín mo chroí
In íochtar mo mhála tá cáca mine buí

'S a Pheigín 's a mhaicín suífidh muid síos
Ní fhágfad an baile chúns mhairfeas mé arís

Composição: Traditional





Mais tocadas

Ouvir Téada Ouvir